Rob Kearney
Agallamh leis an imreoir Rugbaí Rob Kearney.
- Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann?
Píotsa, gan aon amhras ar bith - ní bhímse in ann mórán de a ithe agus mé i m’imreoir rugbaí gairmiúil
- Dá mba rud é go raibh meaisín taistil ama agat, cén aimsir a rachadh tú chuige?
Is dóigh liom go mbeadh an oighiraois suimiúil a fheiceáil - a bheith ar an gcruinn nuair nach raibh mórán daoine ann!
- Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil?
Seán agus an Gas Pónaire más buan mo chuimhne - agus é de shíor ag dul sa tóir ar an bpota óir sin
- Abair go raibh tú i do sárlaoch, cén t-ainm a roghnófá agus cad í an chumhacht speisialta a bheadh agat?
Superman a dtabharfar orm, agus an cumas a bheith in ann eitilt, is é sin an chumhacht a d’úsáidfinn an chuid is mó
- Cad é an rud is fearr leat a dhéanamh sa saol?
Caithfidh mé a bheith ag imirt rugbaí, is é sin mo phost, mo phaisean agus an gníomh lena gcaithim an chuid is mó de mo shaol.