Judi Curtin
Údar
1. Cad é an rud a mbíonn tú eaglach roimhe níos mó ná aon ní eile?
An léimneach bhuinsí - rud nach bhfuil déanta agam riamh. (Sa dara áit roghnóinn féachaint ar fhíseán de chuid aon de duine mo pháistí agus iad ag léimneach bhuinsí.)
2. Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann?
Stéig, sceallóga agus sailéad mór.
3. Cad é an focal / na focail is fearr leat?
An Deireadh. (Ní feictear na focail sin riamh nuair a fhoilsítear mo chuid leabhar, ach scríobhaim i gcónaí iad go fada flúirseach nuair atá an chéaddréacht de leabhar críochnaithe agam.)
4. Dá mbeifeá gafa i seó teilifíse amháin ar feadh míosa, cén seó a roghnófá?
Taispeántas taistil dírithe ar thurais só ar fud an domhain.
5. Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil?
The Voyage of the Dawn Treader le C.S Lewis.