A man sits in the library holding up a magazine, on the cover of the magazine reads "Enjoy 12 million items all for free"

Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí

Tabhair cuairt ar do leabharlann áitiúil ar Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí ar an Satharn, 28 Meán Fomhair agus 'Caith Súil Níos Géire' ar an méid atá ar siúl.

 

 

Ar an Satharn, 28 Meán Fómhair, táimid ag ceiliúradh obair iontach Leabharlanna Poiblí na hÉireann agus ag tabhairt cuireadh duit ‘Amharc Níos Géire’ a chaitheamh ar do leabharlann áitiúil. Ar an lá seo, beidh leabharlanna ag léiriú cuid de na himeachtaí agus na seirbhísí iontacha a chuireann siad ar fáil agus tá fáilte roimh chách teacht isteach agus páirt a ghlacadh ann.

Murar féidir leat dul isteach sa leabharlann ar an lá, smaoinigh ar bheith páirteach i do sheirbhís leabharlainne áitiúil ar-líne chun an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil - breis agus 12 milliún leabhar, ríomhleabhar, closleabhair, cúrsaí ar líne, cluichí agus earraí eile. Is féidir leat leabhair a ordú ó aon leabharlann chun iad a bhailiú agus a thabhairt ar ais ag aon leabharlann ar fud na tíre.

Tá an bhallraíocht saor in aisce, tá iasachtaí saor in aisce agus ní ghearrtar táillí déanacha níos mó.

Do Leabharlann - Caith Súil Níos Géire!