Cearta Maoine Intleachtúla

Oifig Paitinní na hÉireann 

Soláthraíonn Oifig Paitinní na hÉireann faisnéis mhionsonraithe faoi phaitinní, trádmharcanna, dearaí, cóipcheart agus íocaíocht agus tá an oifig tar éis faisnéis phraiticiúil faoi phaitinní a fhoilsiú. 

Tairgíonn Oifig Paitinní na hÉireann seirbhís chlinic IP ar bhonn duine le duine freisin. Tá sé seo ar fáil d'aon bhall den phobal, aireagóirí, fiontraithe agus daoine gnó agus is deis é chun ceisteanna a chur agus iarratais IP a bhfuil sé i gceist agat a dhéanamh a phlé nó a phlé le hOifig na bPaitinní cheana féin. Reáchtáiltear ceardlanna grúpa go rialta in ionaid ar fud na tíre. 

Cuardach Bunachar Sonraí Paitinne 

Cuardach Bunachar Sonraí Trádmhairc 

 

An tAontas Eorpach 

Déanann Oifig Eorpach na bPaitinní bainistiú ar láithreán gréasáin ESPacenet ar a ligtear duit phaitinní a chuardach go hidirnáisiúnta. Tá go leor sonraíochtaí iomlána ar fáil cé go bhfuil éagsúlacht sa chlúdach de réir tíre.   

Is bunachar sonraí úsáideach de chuid an Aontais Eorpaigh é TMView. Ligeann sé seo duit cuardach a dhéanamh ar thrádmharcanna atá cláraithe i ngach aon tír AE agus i roinnt tíortha lasmuigh den AE chomh maith. 

  

Líonra Fiontar na hEorpa (EEN) 

Stiúrann Ard-Stiúrthóireacht Fiontraíochta agus Tionscail an Choimisiúin Eorpaigh an Líonra Fiontar Eorpach. Is é a shainchúram cabhrú le gnólachtaí naisc idirnáisiúnta a dhéanamh, dul san iomaíocht agus dul chun cinn go hidirnáisiúnta. Feidhmíonn an EEN seirbhís maoine intleachtúla (IP), a chabhraíonn le cliaint a IP a chosaint agus leas a bhaint as.